Is Muintir é an Náisiún

Pádraig PearseAn Smaoineamh Náisiúnta

Is é an Smaoineamh Náisiúnta an prionsabal dár dtreoir. Is sin le rá go bhfuil gach rud spleách ar bheithsine Éireann, agus go dtagann gach ábhar eacnamaíoch, cultúrtha , agus sóisialta sa dara háit. Roimh aon mhacnamh ar leas mhuintir na hÉireann, is gá go bhfuil muintir Éireannach ann sa chéad dul síos.
Muintir na hÉireann

Is muintir na hÉireann iad an náisiún. Nuair atá náisiúin i gceist táthar ag labhairt ar mhuintir atá aonchinéalach ar dhóigh ghinearálta agus a bhfuil stair, oidhreacht agus córais bhrí acu, agus iad aontaithe le ceangail ghaolta chultúrtha, agus maíomh ar thír dhúchais spioradálta i gcoiteann acu. I bhfocail eile, muintir a bhfuil ábalta a náisiún a thuiscint agus ar féidir agus ar toil leo á chosaint.

Na Ceangail Choiteanna

Creideann muid gur gá do náisiún bheith ábalta tabhair faoina chosaint, faoina leas, agus faoina mharthain féin agus go bhfuil dlúthpháirtíocht nadúrtha de dhíth chun seo a chinntiú. Is iad na foirm dhlúthpháirtíochta is láidre ná muintir an té. Aithníonn an Páirtí Náisiúnta gurb iad an teaghlach, an paróiste, agus an náisiún bunchloch sochaí na hÉireann. In easpa na gceangal seo, níl áit tosaithe ann d’athbheochan chultúrtha nó eacnamaíoch.

Aithneofar Iad Óna Saothair

Is gá go gcuirtear dushlán roimh na heagraíochtaí nó na forais atá ag déanamh a ndíchill an bonn a bhaint ón dlúthpháirtíocht sin, nó an dlúthpháirtíocht a scriosadh ar fad. Ná ceadaítear folach a dhéanamh taobh thiar d’fhocail mar ‘éagsúlacht,’ ‘cuimsiú,’ nó ‘cearta idirnáisiúnta,’ d’iad siúd atá ag iarraidh naisc náisiúntachta na hÉireann a mhilleadh. Ní hamháin seo ach níor cheart dóibh bheith ábalta Poblachtachas, Náisiúnachas, nó Caitliceachas fiú a úsáid chun an toradh uafáis seo a bhaint amach. Ní thírghráthóirí nó státairí na hÉireann iad seo. Is gá na feallairí agus na cladhairí uilig a nochtadh ina gceiliúradh d’Éirinn iar-Éireannach.

An Spiorad Náisiúnta

Déantar iarracht ag an náisiúnachas daoine a spreagadh le fonn de thriail choiteann agus treo fiúntach ar an todhchaí a thabhairt dóibh trína gcur i dteagmháil lena stair. Le comhbhá do na glúnta atá caite agus na glúnta atá le teacht tá sochaí infheistithe le meon pobalaíoch. Muintir atá féintuiscint dhaingean acu beidh níos tugtha d’íobairt a dhéanamh ar a son agus ar son leas a sochaí chomh maith. Is ar éigean go ndéantar íobairt ar son sochaí ina bhfuiltear ach turasóirí.

Íobairt don Todhchaí

Is luach gach sochaí ná toilteanas a saoránach íobairt a dhéanamh don todhchaí, agus níos tabhachtaí ná aon rud eile clann a bheith acu agus trí seo tacaí nádúrtha a chruthú lasmuigh de chórais gharbh an stáit. Is áit neamhbhuan í tír nach bhfuil toilteanach na híobairtí seo a dhéanamh. Ní mhairfidh aon rud faoin áit. Tá sí stoite, gan chuimhne agus gan todhchaí.
Tá tíortha Iarthar na hEorpa ag seachfhoinsiú na bhfreagrachtaí seo le gaill. And níos measa fós, tá siad ag tabhairt níos mó gall isteach chun bonn a chur faoi na pinsin, na tithe altranais, agus na pleananna pinsin; is lú íobartha inniu, is mó costais amárach. Ní mhairfidh an corás seo.

Tá náisiúntachtaí ag na gaill a dtugann siad leo agus is ar son a náisiúntachtaí agus a leasa féin a ndéanfaidh siad íobairt. Is fonn maireachtála caomhnaithe tiomnaithe é an fonn náisiúnta. Is ar fhonn liobrálachais a n-íobraítear an todhchaí ar son na láithreach; dhéanfadh an Páirtí Náisiúnta a mhalairt.

Is Máthairthír í Éire

Máthairthír is í Éire, foinse de mhuintir agus de chultúr. Tarraingíonn gach gné de náisiúntacht a n-uisce óna stair agus seasann gach náisiúnaí a fhód i gcoinne scrios an tobair naofa sin.
Níl aon chinntiú de náisiúntacht ach dlínse agus maíomh ag muintir an náisiúin ar an bhfearann náisúnta. Tá eire ar gach glúin an maíomh sin a chosaint nó a athnuaigh, le hómós, le híobairt, agus le streachailt.

Ní chríoch thalún nó ceantar ar léarscáil an dúiche, ní sé contae fichead nó dhá chontae tríochad, agus ní na hoileáin nó na farraigí teorainn atá inti. Is beithsine fhisiciúil agus spioradálta mhuintir na hÉireann í, ach ní hamháin sin, is í an Ghaeilge agus an oidhreacht chultúrtha fosta. Ar dhóigh fhisiciúil spioradálta mhorálta chultúrtha, agus trí theanga, a mhaireann na Gaeil. Is aidhm linn an réimse maireachtála sin a leathnú fad agus is féidir linn.

Tá Freagra Náisiúnta do Gach Fadhb in Éirinn

Baic i gCoinne Aontachta Náisiunta

Ní roghanna fadtéarmacha iad idir an aontas leis an mBreatain nó Tuaisceart na hÉireann neamhspleáiche. Déanfaidh geopholaitíocht nó déimeagrafaic cinnte brú a chur ar an gcás. Ach faoi láthair i ngeal ar Shinn Féin mar fhórsa polaitiúla ní dócha go mbeidh reifreann rathúil á reáchtáil. Agus dá mbeadh rath leis de bharr ribe, ní chosnaíodh sin an tsíocháin, ach na teorainn a aistriú ar ré choimhlinte nua.

Bheadh an t-oileán ar fad faoi chumhacht an eite chlé i dtaobh an rialtias, idir fhrithnáisiúnaithe Shinn Féin nó comhpháirtíocht á dhéanamh idir na domhandaigh nua. Bheadh muid go fóill mar chúige géilliúil san Ollstát Eorpach, seans fiú go mbeadh muid roinnte i gceanntair rialtais níos lú. Choinneofaí an ollimirce agus an nua-liobrálachas ar an máirseáil fada trom.
In easnamh ar rogha náisiúnach bheadh an rud ar fad ina thubaiste. Gheofaí amach nach raibh mórán luach in Éirinn aontaithe i saol gan teorainn náisiunta. Ní bheadh Éire ina náisiún ceannasach, agus ní nach ionadh, ní bheadh inti ach oileán beag bídeach inár raibh beagán i gcoiteann idir a muintir. Agus i lár an ama bheadh na buamaí go fóill á bpléascadh.

Aontacht Náisiúnta

Tá an Páirtí Násiúnta tiománta ar son rialtais náisiúnaigh uile-Éireann. Déanfar seo trí réadúlacht agus stuaim, chan trí dogma siosmach nó doirteadh fola. Tá meas againn do gach náisiúnaí a rinne streachailt ar son Éireann sa tsíocháin agus sa chath. Ach chuaigh náisiúnachas na hÉireann ar lár.
Faoi réim rialtais an Pháirtí Náisiúnta, beidh poblacht bhunreachtúil curtha i bhféidhm agus bunaithe ar cheartaí agus ar fhreagrachtaí nádúrtha. Ní bheidh na ceartaí agus na freagrachtaí seo faoi réir spadhair dlínsí idirnáisiúnta. Dlíthe Gaelach ar son na nGael a bheas iontu. Ceartaí Gaelach ar son na nGael. Mar is muintir a breitheamh is fearr i dtaobh a rialtais.
Aithníonn muid an pobal Protastúnach sna Sé Contae. Aithníonn muid a maíomh ar thraidisiún eitneach agus cultúrtha. Creideann muid gur rialtas náisiúnta atá meas aige d’eitneachas agus do thraidisiún an rialtas is fearr freastáil ar an scaradh sa Tuairsceart. Ní féidir leis na gnáthpháirtithe liobrálacha seo a bhaint amach. Ní féidir ach leis an bPáirtí Náisiúnta seo a bhaint amach.

An t-Ollstát Eorpach

Níl aon dóchúlacht go n-imeoidh Éire ón Aontas Eorpach trí reifreann i láthair na huaire. Dá n-imeodh muid, is dócha go mbeidh sin mar gheall ar mhórchúrsaí seachtracha, cosúil le toradh an Bhreatimeachta. Mar sin tá seans ann nach násiúnaithe a mbainfidh muid ón Aontas, ach roinn de na frith-náisiúnaithe. De bharr sin níl muid ar intinn gur féidir an Breatimeacht a chóipeáil agus a dhíol i gcomhthéacs Éireannach. Tá an cás in Éirinn i bhfad níos casta.

Leis seo ar intinn, tá rún ag an bPáirtí Náisiúnta dul i ngleic leis an Aontas Eorpach ar dhóigh réadúil. Tá seans go n-athróidh an cur chuige le hathrú aimsire, ach ní athróidh ár dtreoirphrionsabail. Is páirtí Eoraisceipteach muid. Rachaidh muid chun troda, ar gach bealach ar féidir linn, chun na gceartaí náisiúnta ar baineadh an bonn uathu a thabhairt ar ais.
Go gearrthéarmach, tabhairfidh muid faoi chur chuige ar son leasa náisiúnta Éireann, ar nós tíortha cosúil leis an bPolainn nó an Ungáir mar fhreagra ar an ngéarchéim imirce. Mas féidir linn, déanfaidh muid iarracht bloc náisiúnach a chrúthú. Ach dá mbeadh bac iomlán orainn ár n-aidhmeanna a bhaint amach taobh istigh den Aontas, fágfaidh muid slán leis.

Aontas faoi dhó

Fíricí na beatha. Níl iontaoibh againn san Aontas Eorpach. Níl iontaoibh againn sna Briotanaigh. Níl iontaibh againn i Rialtas na hÉireann. Ionas go dtiocfadh linn tarraingt amach as an Aontas Eorpach go rathúil is ar an toirt, mar shampla, bheadh orainn iontaibh a bheith againn sa triúir acu.

Is gá dúinn fáil réidh leis an triúir úd, agus san ord malairte is dócha.

Caithfidh fíor náisiúnaithe dul isteach sa rialtas fud na dá chontae tríochad. I nDáil Éireann caithfidh muid, tríd an gCúirt Uachtarach, bac a chur ar an Aontas Eorpach ar son mhuintir na hÉireann ar aon dlí Eorpach a chuireann dearbhú náisiúnta na nGael ó ráth. Caithfidh muid Éire a aontú tríd an dlúthbhaint a bhfuil ag cúrsaí eitneacha treibheacha ag an gcoimhlint ó thuaidh a aithint agus an treibheachas seo a shocrú trí idirbheartaíocht, in áit na straitéise reatha ina bhfuil gach iarsma d’fhéiniúlacht na nGael scriosta tríd an liobrálachas. Caithfidh muid tír chumhachtmhar aontaithe a chruthú ar féidir léi a fód a sheasamh ar a cosa féin, diongbháilte go leor chun geimhle an dhá Aontas a chaitheamh di. Níos tábhachtaí ná aon rud eile, áfach, caithfidh muid creidbheáil gur muintir flaitheasach is fiúntasach muid ar féidir linn ár gcuid chúrsaí féin a rialú. Is as sin amháin a bheirfidh muid bua.

Ceannas Eacnamaíoch na hÉireann

Tá an Saorstát ar thír de na tíortha is mó i bhfiache ar an domhain faoi láthair. Tá fiach ceannais chomhláin na hÉireann de réir mar a bhí ar an 30ú Samhain 2016 ar €195.08 billiún. Tá an fiach náisiúnta, mar dhea, i bhfírinne carntha i ngeall ar neamhábaltacht na rialtas caite.

Bíonn ár bpolaiteoirí róghafa le cóimheasa nó olltáirgeacht fhéich bréagaigh agus geallann siad linn gur féidir an fiach a aisíoc de réir a chéile ach is seachmall é seo den chuid is mó. Cad a tharlófaí murar bhainfeadh muid na spriocanna amach? Dá mbeadh titim siar amháin ann bheadh gach beart déine le deich mbliana anuas caite amach i bpreabadh na súl. Ní fiú na bearta uilig a dhath sa chás sin. Bheadh sé dódhéanta do gheilleagar craptha Éireann an fiach a aisíoc ar mhéadú eacnamaíoch meánraoin.

Is é tochailt amach an bhonneagair náisiúnta, díolachán práinne a dhéanamh de na hacmhainní, agus an daoirse a chuireadh ar shaoránaigh Éireann ag na cairtéil bhainc idirnáisiúnta mar an léiriú is soiléire de chaipitleachas domhandach ag baint an bhoinn de cheannas náisiúin.

Níl aon bhagairt ar bheithsine na nGael, nó muintir ar bith, níos measa ná córais eacnamaíocha s’acu a oscailt agus a roinnt ag amhantraithe idirnáisiúnta. Ní féidir todhchaí Éireann a thabhairt slán ach trí fhéinriail fhioscach a bhaint amach, trí aistarraingt iomlán ón limistéir Euro, agus trí réiteach radacach a chur i bhféidhm i dtaobh na gearchéime féich.

Féiniúlacht Náisiúnta agus Ollimirce

Is í gluaiseacht lucht saothair shaoir ar bhunghné den gheilleagar domhanda agus gné tábhachtach i scriosadh na bpobal náisiúnta. Tá inimirce ionaid den chineál atá ar bun faoi láthair á dhíchobhsú coinceap na náisiúntachta. Déantar asamhlú dódhéanta i ngeall ar mhéid an srutha agus éagsúlacht na gcultúr atá ag teacht. Is é an chéad thaismeach sa phróiseas seo ná ár bhféintuiscint, ár muinín, agus ár dtoil muid féin a shainiú.

Mar náisiúnaithe caithfidh muid dea-íomha náisiúnach a chur chun cinn. Is gá diúltú le scigléirithe righin. Caithfidh muid béim a chur ar an orgánach agus ar an teagmhasach i náisiún beo corrach. Caithfidh muid bheith réadúil agus idéalaíoch. Ag an am céanna ní féidir linn cead a thabhairt d’fhealltóirí teorainn náisiúntacht na hÉireann a leagan amach.

Ní hé sin le rá gur rud aondeonach é an náisiún, nó nach ann an náisiún ar fad, toisc gur rud corrach é; nó nach féidir á scriosadh. Is féidir cultúr nó córas nó timpeallacht ar bith a chur as a riocht amach is amach ón lasmuigh. Muise, tá stair na hÉireann lán de shamplaí agus d’iarrachtaí; uaireanta sheas muid ár bhfód agus d’imeasc muid na hionróirí, uaireanta theip orainn agus bhí beatha na hÉireann ar tí an bháis.

Is smionagar í an Éire atá bainte amach againn inniu ón náisiún a rinne na náisiúnaithe céad bliain ó shin a athbheochan. Thuig siad go bhfuil athbheochan i gceist go minic sa náisiúnachas, athbheochan mhiniú, athbheochan fháil, ionas go maireann sreangán eadrainnse agus an Éirinn stairiúil.

James ReynoldsTodhchaí Ghaelach do Mhuintir Ghaelach

Ar Ais go hÉirinn Dev?

Léiríonn ár bpolaiteoirí, ár gceannródaithe, ár n-iriseoirí, ár bhfir léinn uilig rogha bréagach agus cuireann siad saoirse air. Ach diúlatíonn muid an dénártha a chuireann “Éire Nua-Aimseartha Forásach” i gcoinne “Éire Cúlánta Paróisteach.” Ní chomhlíonann na físeanna teipthe seo aidhmeanna an Smaoinimh Náisiúnta. Tá láthair agus stair bréagach cruthaithe ag iad siúd a shéanfadh saoirse uainn. Roghnaíonn muid todhchaí dár gcruthú féin.

Athbheochan Náisiúnta

Fad is go bhfuil muintir Éireannach ann, muiníneach ina maíomh ar a náisiúntacht, tá athbheochan náisiúnta indéanta. Ach nuair nach féidir linn muid féin a thuiscint mar náisiún tá dóchas na hathbheochana cloíte chóiche. Is é náisiúnachas an fód ar a sheasann muid agus is naofa a ithir. Is bonn é do gach rud dár ndéanamh agus dár ndóchas. Níl aon idéal níos spioradálta ná Éire.

An Rogha Eile

An uile ábhar atá leagtha amach thuas is cruinneshamhail í atá meas aici don dlí nádúrtha agus dá barr bunaithe ar thuiscint inchreidte de nádúr daonna. Tá neartú na struchtúir shóisialta orgánacha molta againn; an teaghlach, an paróiste, an náisiún. Agus moladh fosta cruthú stáit náisiúnaigh chun cosaint agus cabhair a thabhairt dóibh siúd. Tá seo suntasach ó na foirmeacha míchuibheasacha den sóisialachas inár scriostar gach struchtúr nádúrtha, agus mar sin is gá go mbíonn gach gné den saol rialaithe is cuma dá laghad.

Is a mhalairt den sochaí nádúrtha (stát bunaithe ar fhéidhmeanna nádúrtha an teaghlaigh, an pharóiste, agus an náisiúin) é an stát póilíní liobrálaigh paranóideach, an slí chuici a ngiorraíonn muid gach lá. Is sochaí shaorga é, sóisialachas frithshóisialta, daonnachas frithdhaonna, a mhalairt den spiorad daonna.

Gach áit dár bhfeachaint tá na ceangail choiteanna nádúrtha ag dul i léig agus ina n-áit tá córais chiotacha an stáit á gcur ina n-ionad. Níos minice agus níos minice tá muid mar chustaiméirí an stáit. Ní fhir tíre nó saoránaigh muid fiú níos mó. Agus tá an stát, mar atá faoi láthair, ina shaincheadúnas de chaipitleachas domhanda. Níl polaiteoirí ná státséirbhísigh ná iriseoirí againn; ina n-ionaid tá ionadaithe branda againn.

Ag Sárú Liobrálachais na hÉireann

Tá na Gaeil cleachtaithe lena lán geimhle, ach is iad na geimhle is contúirteacha ná na geimhle ar múineadh dúinn glacadh leo agus bheith buíoch astu. Moltar dúinn saghas de liobrálachas a ghlacadh nach bhfuil ann ach oscailteacht agus saoirse aithrise. Ag oscailt ár ngeilleagair cuireadh i ndaoirse an fhéich dúinn agus is amhlaidh go gcuirfidh liobrálachas faiseanta an Éireann iar-náisiúnta i bhfiach spioradálta muid.