Ceannaireacht Náisiúnta

Searbhreathach Baróid
Ceannaire an Pháirtí Náisiúnta
Is Ceannaire agus comhbhunaitheoir an Pháirtí Náisiúnta é Searbhreathach Baróid. Is feachtasóir é a bhfuil go leor taithí aige agus baint aige le gníomhaíochas Eoraisceipteach agus frithghinmhillte ó luath sna 1990í. Duine mór le rá a bhí ann san fheachtas ‘No to Nice’ agus rith sé don Pharlaimint Eorpach i 2004 chun sraon ar chur ar an inimirce.
Tar éis sosa fhada ó chursaí polaitiúla chinn Searbhreathach i 2016 gur mhithid gluaiseacht pholaitiúla nua a lainseáil. Bhí sé ar son páirtí fíornáisíunach a fhorbairt le fada an lá ach níor éirigh leis ag an am. Mhol glúin úr é leis an bhfreagra a thug siad dó agus d’fhógair sé bunú an Pháirtí i Mí na Samhna an bhliain sin. Fronta idé-eolaíoch stuama a chruthú a bhí mar aidhm aige, croí an pháirtí déanta de ghníomhaithe díograiseacha. Ní raibh sé ag iarraidh feachtas a dhéanamh ar ábhar amháin a thuilleadh. Chuir sé síos ar an bPáirtí mar ‘tionscadal fadtéarmach’ agus ghlaoigh sé ar dhaoine diongbháilte atá ullmhaithe coinneáil leis go deireadh.
Séamus Mac Raghnaill
Leascheannaire an Pháirtí Náisiúnta
Is Leascheannaire agus comhbhunaitheoir an Pháirtí Náisiúnta é Séamus Mac Raghnaill. Cuireadh síos air in Farmers’ Journal mar “duine de na daoine is conspóidí i bhfeirmeoireacht an Longfoirt.” Tá baint aige le gluaiseachtaí Eoraisceipteacha agus cúrsaí polaitiúla na feirme ar feadh i bhfad. Bhí sé ina chathaoirleach ar chraobh an Longfoirt d’Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann ó 1999 go 2003, agus ina chisteoir ar an Irish Cattle and Sheep Farmers’ Association ina theannta sin. Chomhbhunaigh sé an feachtas Farmers For No i 2009 mar fhreagra ar an Reifreann ar Chonradh Liosbón agus arís i 2012 mar fhreagra ar an gConradh maidir le Comhshocrú Fioscach. Fad a shaoil pholaitiúil tá iarracht déanta aige cruth náisiúnach Eoraisceiptigh a thabhairt ar na gluaiseachtaí a raibh páirt aige iontu.

Gníomhaígh ⁊ Ionadaithe

Gearóid Mac Conshnámha
Eagraí Cumann na Gaillimhe

Pól Ó hÁinle
Ceannaire Chumann Ros Comáin

Pól Mac Mhaonaigh
Ceannaire Chumann Liatroma

Pádraig Ó Caoindealbháin
Eagraí Cumann Bhaile Átha Cliath

Ríobhca Baróid
Gníomhaí an Pháirtí

Pól Ó hÁgáin
Gníomhaí an Pháirtí

Yan Mac Oireachtaigh
Cinnire na hÓige Náisiúnaí

Pilib Ó Duibhir
Eagraí Cumann Bhaile Átha Cliath

Serina Ní Eireamhóin
Gníomhaí an Pháirtí

Seán Ó Linneáin
Eagraí Cumann na Gaillimhe

Cristín Ní Mhaoldhomhnaigh
Eagraí Cumann Luimnigh

Máirtín Ó Baoighealláin
Gníomhaí an Pháirtí